An spás spraoi-fhoghlama
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta anseo chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
An spás teagaisc agus líonraithe
Más múinteoir tú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach teanga den Aontas
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh an teanga is rogha leat ag barr an leathanaigh.
Discover more

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
What's new

Ar rugadh thú idir an 1 Eanáir 2007 agus an 31 Nollaig 2007? Is féidir iarratas DiscoverEU 2026 a dhéanamh anois! Beidh sé ar siúl idir an 30 Deireadh Fómhair agus an 13 Samhain 2025 (go dtí 12:00:00 meán lae, am na Bruiséile). Tapaigh an deis – tosaíonn do thuras anois!

Le haghaidh Oideoirí agus Múinteoirí: Tabhair spreagadh do na daltaí agat – Glac páirt i Leatsa an Eoraip, Abair leat! 2026.
Le haghaidh Rannpháirtithe Óga: Do chuid smaointe, Do ghuth. Labhair amach – déan an Eoraip a mhúnlú le Leatsa an Eoraip, Abair leat! 2026.

Is mian leis an Aontas Eorpach cloisteáil ó leanaí agus ó dhéagóirí faoin mbochtaineacht, faoin gcothroime, faoin gcuimsiú, agus faoi infhaighteacht tacaíochta dóibh siúd a bhfuil gá acu léi.
















